|
|
TIONCHAIR
DONNCHADH Ó LUASAIGH
Tráthnóna gréine in Uíbh Laoghaire I ndeireadh an Fhómhair bhuí, Mo rothar loctha agam go socair Ar sheastán táltha ag an EEC, Cúig cinn de bháid – ealaí ‘s ál Neadaithe i dtír. An loch Os mo chomhair go gorm, glé, Geal mar a bhí riamh, ach Cad fés na cuairteoirí ag iascach Romhamsa, fuaim inill a mbáid Ag réabadh ciúnas na mblian? Cad deir scáil na crannóige Leis an ineall glórach don todhchaí Romhainne, thar mar a bhí?
An tráthnóna ‘na dhéidh sin - San ionad céanna – An oíche a’ teacht de dhroim na sliabh, Na simnéithe a’ deatú na spéire - Is cuid den oíche na hiascairí - Soillse tí mhóir an tsagairt paróiste Ag glioscarnaigh sa loich cois crannóige, Easpag, nach de shliocht Mhiléisius, A’ caoladóireacht sna cnoic i gcéin uaim, ‘S eatarthu istigh tá ealaí – Mongánaigh – Beag beann ar a gcomharsain – Gearmánaigh.
An é seo, feasta, scéal Uíbh Laoghaire? Gaeil ‘s Gaill a’ deatú le chéile – Doircheacht nó gile? A’ bhfeadair éinne?
Samhain 2001
|