Cath Chéim an
Fhiaidh (Scéal John Smith)
le Tadhg Ó
Suibhne
Um an dtaca seo is dócha go bhfuil gach éinne tar éis an cloch mór a
fheiscint thuas ag barr an Chéama, an cloch leis an dá leac air. Tá
pictiúir de i dteannta an ailt seo. Tá sé scríofa ar an leac seo gur
maraíodh triúr des na Buachaillí Bána agus saighdiúir amháin. John smith ab
ainm don saighdiúir seo agus bhí scéal ana shuimiúil ag baint leis. Chun an
scéal a thuiscint i gceart níor mhiste cur síos ar cé a bhí páirteach ann.
Is dócha go raibh aithne ag gach éinne ar Shéamus Walsh ó Túirín Dubh, bhuel
Ritchie ab ainm d'athair Shéamuis, agus Séamus Mór ab ainm do shean-athair
Ritchie.
Bhí Séamus Mór mar chaptaoin nó mar cheannaire de shaghas éigin ar na
Buachaillí Bána áitiúla agus bhí easpa arm agus amuinisiúin orthu. Do
mheasadar an cheist sin a réiteach le cuaird a thabhairt ar thig Thighearna
Beanntraí agus airm agus rl. a thógaint "saor in aisce" mar a déarfá. Do
dheineadar san agus d'éirigh maith go leor leo, ach bhí eagla orthu go
mbeadh tuairim ag múintir Bheanntraí gur anseo go Béal Átha'n Ghaorthaidh a
thiocfadh na h-airm. Mar sin do shocraíodar le Buachaillí Bána Bheanntraí
dá bhfeicidís na saighdiúirí ag fágaint Beanntraí go raghadh an duine ba
ghiorra don tsráid in áirde ar chnocán agus go ligfeadh sé liú as. Ansan
dhéanfadh an Buachaill Bán ba ghiorra dó san an rud céanna ar a chnocán féin,
agus mar sin leo go dtí go shroichfeadh an liú Uibh Laoghaire. Nós an scéil
do leanadar leis an liú go dtí gur shroich sé Carraig an Ime. B'shin é "an
liú gur leath i bhfad i gcéin" atá san amhrán..
Do shroich na saighdiúirí an dúthaigh seo i bhfad níos tapúla ná mar a cheap
na Buachaillí Bána a thoicfaidís mar do bhíodar ar muin capaill agus
dheineadar díreach fé dhéin tigh Cheallacháin thuas i gCloch Bharrach. Bhí
sé beartaithe acu an tigh a dhó agus fear an tighe a losgadh ina bheathaidh.
Do theip san orthu mar bhí na Buachaillí Bána ag bailiú le chéile taobh
thuas díobh, timpeall Túirín na nÉan agus mar sin siar agus bhí eagla ar na
saighdiúirí dul níos sia soir. Do dhruideadar siar i dtreo an Chéama agus
bhí an dá dream ag caitheamh le na chéile fan na h-aimsire. Bhí scáth na
gclathach ag na Buachaillí Bána agus dá bhrí san ní raibh ag éirí go maith
leis na saighdiúirí. Fé dheire d'fhág duine des na saighdiúirí a cháirde
agus mheas sé go bhféadfadh sé teacht aniar aduaidh ar na Buachaillí Bána.
Níor éirigh leis áfach, mar bhí Séamus Mór Breathnach ag feitheamh leis,
agus bhí coimhlint cruaidh eatarthu. I ndeire na dála do mhairbh Séamus an
saighdiúir - b'shin é John Smith.
Níor fhan na saighdiúirí eile i bhfad timpeall na háite ina dhiaidh san,
d'imíodar leo thar nais go Beanntraí. Le titim na hoíche do bhailigh na
Buachaillí Bána le chéile agus do chuireadar Smith i bpoll portaigh taobh
thiar den Túirín Dubh, ar an dtaobh theas den bóthar. Sin é an chúis go
dtugtar Droichidín Smith ar an ndroichead beag atá thiar ansan fé láthair.
Bhí buachaill aimsire ó thigh na mBúrcach ag faire ar na Buachaillí Bána
nuair a chuireadar Smith sa phort agus bhí eagla orthu go ndéanfadh sé
spiarracht orthu. Mar sin do thánadar le chéile oíche eile chun an corp a
aistriú go dtí áit éigin eile. Bhí an oíche ana dhorcha agus theip glan
orthu an poll ceart a aimsiú. Fé dheire chaitheadar dul siar go tigh na
mBuarcach agus an garsún a thógaint as a leaba. Fuair an garsún an áit
ceart gan aon trioblóid in aon chor. Do thógadar leo an corp ó thuaidh
trasna an chnoic go dtí Muing na Biorraí. Do bhaineadar a chuid éadaigh go
léir de agus chuireadar lom nocht isteach i bpoll portaigh é tar éis súgán a
cheangal dá mhuinéal agus cloch ar an súgán chun an corp a choiméad ag tón
poill Ach do réir deabhraimh d'ith na heascúin an súgán agus do phreab an
corp go barr an uisce i gceann cúpla lá. Duine des na Buachaillí Bána ó
Ghort a'Phludaigh a chabhraigh le Séamus Mór chun an corp a chur sa pholl a
fuair amach go raibh an corp tagtha go barr uisce. Is amhlaidh a bhí garsún
óg aige chun aire a thabhairt dos na ba agus bhíodh gabhar bán leis na ba i
gcónaí. Tráthnóna amháin níor tháinig an gabhar abhaile, agus chuaigh an
garsún á lorg. Chonaic sé an corp bán sa pholl portaigh agus cheap sé gurbh
é an gabhar é agus d'inis sé do fhear an tighe é. Thuig sé sin go maith
gurbh é corp an tsaighdiúra a bhí sa pholl.
D'éirigh sé le breacadh an lae agus bhí beartaithe aige dul go dtí an muing
chun an corp a chur fé uisce, i dtreo is ná éireodh sé go brách arís, ach is
amhlaidh a bhí an clós lán de shaighdiúirí.
Bhí an spiaire tar éis a chuid droch oibre a dhéanamh go héifeachtach.
Tadhg Bréidí ab ainm don spiaire seo agus bhí sé pósta le h-iníon Máire
Bhuidhe Ní Laoghaire, dhein sé teangmháil leis an mBarrach Mór i gCill
Barra, agus thug an Barrach mála cruithneachtan dó mar bhreib i dtaobh a
chuid scéalaíochta. Pé scéal é bhí an t-eolas go léir ag na saighdiúirí
agus nuair a tháinig an Barrach Mór féin lá ar na mhárach, ní bheadh sé
sásta éinne eile a fháil chun an corp a thógaint as a' bpoll ach na Búrcaigh,
beirt clainne le Máire Bhuidhe. Bhí cómhra acu, ach do chaith mná na h-áite
bairlíní a thabhairt dóibh. Do thógadar John Smith leo agus do chuireadar
thoir i reilg Inse Geimhleach é agus tá sé ann fós D'éalaigh Séamus Mór go
Sasana agus bhí sé ar a theithe ar feadh blianta fada ach sin scéal eile ar
fad.