Buíonn
Píobairí Barra Naofa
Bunaíodh Buíonn Píobairí Barra Naofa i mBéal
Átha'n Ghaorthaidh i 1928 agus tá sí fós beo agus ag dul i dtreise. Le
seachtó bliain anuas, is beag tigh sa cheantar nách bhfuil píobaire nó
drumadóir tagtha as chun cúpla bliain a chaitheamh ag seinnt sa bhanna.
Bíonn an Banna Ceoil i gcónaí ullamh chun fáilte a chur roimh fóirne peile
go mbíonn craobh nó cluiche tábhachtach buaite acu. Bíonn an fháilte céanna
curtha roimh gach gaiscíoch, foireann scoile, boladóir agus le déanaí,
Pádraig Ó Cróinín ó Ros a'Locha a bhuaigh an chéad áit sa domhan le haghaidh
bearradh caoirigh i gCo Loch Garman.
Nuair a tháinig Tadhg Ó Mongáin abhaile mar Easpag ar Los Angeles i 1945
agus mar Chairdinéal ar Los Angeles i 1973, bhí an Banna Ceoil ag seinnt
roimhe agus é ag gabháil tríd an bhaile. Cuireadh an fháilte céanna roimh
an Cairdinéal Tomás Ó Fiach nuair a thug sé cuairt ar Bhéal Átha'n
Ghaorthaidh. Go ndéana Dia trócaire ar an mbeirt acu.
Fé láthair tá suas le fiche ball sa Bhanna Ceoil. Bíonn orthu cleachtadh a
dhéanamh go minic, go mór mhór nuair a bhíonn geallúintí acu le haghaidh
cluichí, taispéantais, féiltí agus .rl Tá iarracht á dhéanamh fé láthair an
culaith éide agus na h-úirlisí a fheabhsú ach is tionscnamh an-chostasúil é
seo agus beidh baill an bhanna ag iarraidh airgead a chur le chéile pé slí
is féidir leo, chun an caighdeán árd atá tuillte ag Buíonn Píobairí Barra
Naofa leis na blianta anuas a chaomhnú agus a thógaint isteach sa bhliain
2000.