Tá an scéal beag seo tógtha ós na 'Schools
Manuscripts 1938'
le Cáit Ní Chróinín, Inse Beag - Rang a hocht.
Na Daoine Maithe
Nuair a
bhí fear gurb' ainm do Donncadh Ó Ríordáin, atá ina chómhnaidhe fé láthair
ar an Inse mBig ina bhuachaill óg tímpal sé bliadhna déag do cuireadh i n-aimsir
é go dtí duine de mhuinntir Ríordáin a bhí na comhnaidhe thiar sa Chúm Ruadh.
Tugtar gleann Deasmhumhan uaireanta ar an áit seo atá suidhthe tímpal míle
siar ón nGúgán Barra.
Oidhche tar éis dul a chodhladh do Dhonncadh agus do mhuinntir an tighe
d'airigheadar an fothrom uathbhásach tímpal na cistineach. Bhí na h-ártaighe
ag cliotaráil, corcáin á mbriseadh, cathaoireacha á gcaitheamh ó thaobh go
taobh an tighe agus mheasadar go raibh gach aon rud ann ina smidiríní.
Bhíodar ag faire cun go dtiocfadh amharc an lae cun go bhfeichfidís cad é an
díoghbháil a bhí déanta.
Thug na daoine maithe cuaird ar an sgioból chomh maith agus d'airig muinntir
an tighe iad ag raobadh agus ag briseadh. D'éirigh muinntir an tighe le
breacadh an lae chun feiscint cad é an dioghbháil a bhí déanta tar éis na h-oidhche.
Ní fheacadar aon lot agus fuaireadar gach rud san ionad chéadna agus ar an
dtreó inar fágadh iad an lá roime sin.
I gcionn seachtaine do buaileadh breoidhte sean-bhean a bhí sa tig gur
b'ainm dí Máire Ní Laoghaire, Máire Thomáis. Aniar ó Chill Gharbháin i
gConntae Chiarraighe abeadh í agus do cailleadh í trí mhí ón oidhche a
buaileadh breoidhte í agus dá chómhartha san féin tá sí curtha i n-Inse
Geimhleach.