Comhthionól d'iarscoláirí Meán
Scoil Mhuire - 1959-60 agus 1960-61
"Abhaoinn beatha an
scoláire". B'shin díreach mar a mhothaigh grúpa áirithe d'iarscoláirí a
fhreastal ar Mheán Scoil Mhuire i mBéal Átha'n Ghaorthaidh tráth agus a
tháinig le chéile arís ar an 2ú Lúnasa 1997 sa Ghuagán chun sean-chuimhní a
ath-chíoradh agus a shuathadh. B'iad na scoláirí a bhí sa chéad bhliain i
1959-60 agus scoláirí céad-bhliana 1960-61 a bhí i láthair.
Ba sa bhliain 1959 a bunaíodh an scoil. Dob é Fionnbarra Ó Murchú (nach
maireann) bunaitheoir agus príomhoide na scoile. Meán Scoil comhoideachais
a bhí ann - rud a bhí neamhchoitianta go leor ag an am ach atá forleathan
go leor i láthair na huaire. Cláraíodh fiche dalta an chéad bhliain agus
tionóladh na ranganna i seomra de chuid mhuintir Chorcora in aice na
huachtarlainne. Tionóladh na ranganna i Halla an Choláiste taréis bliana.
Dob í Cáit Ní Ruairc a d'eagraigh an teacht le chéile iontach seo. Bhí na
h-iarscoláirí go léir an-bhuíoch di de bharr a cuid éifeachtúlachta agus
riaracháin - thaisteal sí bóithríní Mhúscraí ó dhubh dubh le flosc dá gnó.
Thosaigh na h-imeachtaí le hAifreann, i Séipéal an Ghuagáin. Dob é an
tAthair Peadar Ó Cróinín, S.S. CC., duine des na h-iarscoláirí, a dhein an
tAifreann a cheiliúradh. Bhí Peadar ar cuaird abhaile ó Los Angeles agus é
féin ag comóradh cúig fichead mar shagart do. Ina sheanmóin thagair sé do
Fionnbarra Ó Murchú - mheas sé go bhfuair sé inspioráid éigin teacht go
Béal Átha'n Ghaorthaidh, rud a thug seans dó oideachas meán-scoile a
thabhairt do dhéagóirí an cheantair in sna seascaidí, seans ná bhfaigheadh
cuid acu mura mbeadh é. Dúirt sé go raibh an saol mar phíosa táipéise agus
go raibh an-bhaint ag Fionnbarra i bhfí na táipéise seo i saol a chuid
scoláirí.
Chan Dónal Ó Cróinín ó Chill na Martra iomainn bheannaithe le linn an
Aifrinn agus ba bheag súil tirim a bhí san aireagal nuair a dúradh
paidreacha do mhúinteoirí agus do scoláirí a bhí ar shlí na fírinne. Ina
measc siúd bhí Fionnbarra Ó Murchú agus Nollaig Ó Súilleabháin (múinteoirí),
Pádraig Mac Carthaigh, Eibhlín Ní Choitir (Suibhne) agus Amhlaoibh Ó
Luasaigh (scoláirí). Grásta ó Dhia orthu go léir.
Bhí cóisir in Ostán Uí Chróinín mar bhuille scoir ar na h-imeachtaí agus
cuireadh mór-fháilte roimh na h-aíonna speisialta, Eibhlín Uí Chorcora,
Máire Uí Mhurchú, Síle Uí Chorcora, Tadhg Ó Léighin, Seán Ó Fathaigh agus
Antóin Ó Clúimháin. Ansan deineadh bronnadh ar an Athair Peadar. Bhí an-oíche
caidrimh, cuideachta agus ceoil ina dhiaidh san. Chuir timpeallacht an
ostáin agus suaineas an oileáin go mór le himeachtaí na hoíche.
Bhain lucht freastail na hócáide an oiread sin taitneamh as an ócáid go
bhfuiltear ag súil nach fada go mbeidh teacht le chéile eile á reachtáil.
Eibhlín Ní Luasa, Drom an Ailligh